Ag obair an talaimh, bhí siad i gcois na trá, ní raibh bealaí maithe ar bith acu, bhí achan rud le iompair ar a ndroim. Ag cur leathach ar an talamh. Bhí obair mhaslach acu le déanamh. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh acu leis an leathach, na préataí, scáth bhuí agus feamainneach. Ag ullmhú an talaimh agus ag rómhair don Earraigh. Bhí na préataí le bheith curtha ag tús Aibreáin. Obair spáide uilig a chaitheadh siad a dhéanamh. Tá athrach mór inniu ach san am chaitheadh siad na rudaí sin a dhéanamh. Bhí eallach agus gamhna ag achan teach, a gcuid bainne féin. Dhíoladh siad na hainmhithe ag Aonach Bhrianaí. | 00:05:38 | |